Tá An Taibhdhearc ag earcú Bainisteoir Fáilteachais i ról lán-aimseartha. Tá duine uainn d’ardfhuinneamh atá féinspreagtha sa réimse oibre seo le bheith mar dhuine lárnach inár struchtúr nua eagraíochtúil. Ba bhall ríthábhachtach den fhoireann é/í agus beidh an té a cheapfar freagrach go díreach don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Stiúrthóir Ealaíne. Tacaíonn an Bainisteoir Fáilteachais leis an bhfoireann chun éispéireas agus atmaisféar dearfach faoi leith a shíolrú agus a chothú leis an bpobal, an lucht féachana agus ealaíontóirí a thagann chun isteach chuig cruinnithe, ceardlanna, imeachtaí agus léirithe ag An Taibhdhearc. Beidh ardchumas ceannasaíochta ag an té a cheapfar chun oifig na dticéid, an beár, an fhoireann beár agus fáilteachais a bhainistiú agus a riaradh san Amharclann agus ardscileanna chun freastal ar éilimh, mianta agus riachtanaisí ón lucht féachana nuair atá siad ar an láthair. Beidh an té a cheapfar in ann oibriú go stuama ag amannta nuair atá éileamh ag an bpobal ar seirbhísí san Amharclann. Beidh taithí ar fhreagrachtaí airgeadais agus riaradh buiséid ag an mBainisteoir Fáilteachais. Ina theannta sin, oibreoidh an Bainisteoir Fáilteachais go dlúth leis an mBainisteoir Margaíochta chun imeachtaí a spreagadh agus a phoibliú, chomh maith le straitéis agus feachtais chun an lucht féachana a ghríosadh agus a mhéadú. Beidh an té a cheapfar freagrach as na meáin sóisiálta. Cinnteoidh an Bainisteoir Fáilteachais go gcuirtear agus go leantar nósanna imeachta agus dea-chleachtas sa réimse ag tabhairt aird ar dea-chleachtais maidir le Sláinte agus Sábháilteacht san Ionad chun a chinntiú go bhfuil an tIonad, an fhoireann, cuairteoirí, ealaíontóirí agus an lucht féachana slán. Éilíonn an ról ardscileanna cumarsáide agus eagrúcháin agus caithfidh an té atá sa ról a bheith in ann deileáil go stuama le dushláin ar an bpointe a d’fhéadfadh titim amach ag aon am. Is ról é seo a éilíonn ardchumas le bogearraí oifig na dticéad a úsáid, agus is buntáiste a bheadh ann taithí a bheith ag iarrthóir le Ticketsolve.
Iarratas a dhéanamh:
Chun iarratas a dhéanamh seol do CV agus litir chumhdaigh (uasmhéid 2 leathanach) ag tabhairt léargas ar an gcaoi go dtagann do scileanna agus do thaithí le riachtanais an róil seo chuig;
b.oflatharta@antaibhdhearc.ie leis an gceannlíne “Iarratas ar phost an Bhainisteoir Fáilteachais”
Spriocdháta ar an Aoine 13 Meitheamh 2025 ag 5i.n. Beidh agallaimh á reáchtáil idir an 18-20 Meitheamh 2025. Is féidir freastal ar an agallamh go pearsanta (i nGaillimh) nó go cianda, ar Zoom.
An Taibhdhearc is recruiting for a full-time Hospitality Manager. We are looking for a high-energy, self-motivated individual to play a central role in our new organizational structure. He/she will be a key member of the team and will report directly to the Executive Director and Artistic Director. The Hospitality Manager supports the team in creating and maintaining a positive experience and atmosphere for the public, audiences and artists who attend meetings, workshops, events and performances at An Taibhdhearc. The successful candidate will have strong leadership skills to manage and administer the ticket office, bar, bar staff and hospitality in the Theatre and will have excellent skills in meeting the needs and demands of the audience when they are on site. The successful candidate will be able to work flexibly at times when there is a demand for services in the Theatre from the public.
The Hospitality Manager will have experience with financial responsibilities and budget management. In addition, the Hospitality Manager will work closely with the Marketing Manager to promote and publicize events, as well as strategies and campaigns to drive and grow audiences. The successful candidate will be responsible for social media. The Hospitality Manager will ensure that procedures and best practice in the field are put in place and followed, taking into account best practices in Health and Safety at the Venue to ensure the safety of the Venue, staff, visitors, artists and audiences. The role requires excellent communication and organizational skills and the incumbent must be able to deal with challenges on the spot that may arise at any time. This is a role that requires a high level of expertise in hospitality operations. It also requires advanced proficiency in using box office software, and a candidate’s experience with Ticketsolve would be an advantage.
To apply send your CV and cover letter (2 pages maximum), displaying how your skills and experience fulfill the role requirements to:
b.oflatharta@antaibhdhearc.ie with the subject as “Iarratas ar phost an Bhainisteoir Fáilteachais & Rannpháirtíochta”
Deadline: Friday 13th June at 5pm. Interviews will be held during the 18th-20Th June. The interviews can be attended in person (in Galway) or remotely, on Zoom.
Job DescriptionThis post has been viewed 459 times!