Theatre Forum is now Performing Arts Forum
Organisation: Ealaín na Gaeltachta
Closing Date: 17 Jul 2025 @ 11:59 pm
Type: Bursary

Ag glacadh le hiarratais anois

Is é aidhm na scéime seo ná tacú le healaíontóirí gairmiúla aonaracha, atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht, agus ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, am a chur ar leataobh i dtreo barr feabhais a chothú ina gcleachtas.

Tá an scéim dírithe ar ealaíontóirí Gaeltachta in aon réimse cleachtais ealaíne agus atá ag aon staid dá gcleachtas gairmiúil. €5,000 uasmhéid na sparánachta i Sraith 1, agus €10,000 uasmhéid na sparánachta i Sraith 2.

Seisiúin Eolais ar líne:

Cuirfear seisiúin eolais ar fáil ar líne chun tuilleadh eolais a thabhairt ar an scéim.

  • Dé Máirt 17 Meitheamh 19:00 – 20:30
  • Dé Céadaoin 18 Meitheamh 10:00 – 11:00

Chun clárú, seol ríomhphost chuig  ealain@udaras.ie. Cuir Seisiún Eolais Sparánachta Ealaín na Gaeltachta i líne an ábhair agus luaigh cé acu dáta is fearr a oireann duit.

Spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ar an scéim: 17 Iúil

This post has been viewed 21 times!