Full time Arts Administrator at Áras Éanna Arts Centre, Inis Oírr, Aran Islands
Riarthóir Ealaíon d’Áras Éanna
Tá Ionad Ealaíon Áras Éanna ag lorg Riarthóir Ealaíon lánaimseartha. Is deis iontach atá anseo oibriú ar oileán álainn Inis Oírr. Beidh ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir scríofa agus labhartha, ardscileanna ríomhaireachta, taithí i gcúrsaí riaracháin agus suim ins na healaíona ag an té a cheapfar.
Tá foirm iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig riarthoir@aras-eanna.ie
Is é an dáta deiridh chun d’fhoirm iarratais agus litir iarratais a sheoladh chugainn ná An Aoine 16 Bealtaine 2025 ag 17.00i.n.
Tabharfar cuireadh d’iarrthóirí ar an ngearrliosta freastal ar agallamh ar an Luan 26 Bealtaine 2025, go pearsanta i nGaillimh nó go cianda ar líne.
Áras Éanna, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.
Job DescriptionThis post has been viewed 375 times!